25/09/2026
Cúrsaí Gaelainne is Cultúir do Mhic Léinn Idirnáisiúnta
i nDún Chíomháin
Mic léinn ón tSlóvaic 6-14 Meán Fómhair
Bhí ana-áthas orainn fáilte a chur roimh mhic léinn ón tSlóvaic go Dún Chíomháin aríst i mbliana agus iad ag freastal ar chúrsa Gaelainne is cultúir ar feadh 8 lá. Is in Ollscoil Comenius, Bratislava agus in Ollscoil Matej Bel in Banská Bystrica a bhíonn na mic léinn seo ag staidéar. Ina dteannta bhí James Ó Conaill a bhíonn ag teagasc na módúil Ghaelainne is cultúir thall sa tSlóvaic.
Bhí na mic léinn lán de bheocht is de chuileachta agus spéis thar na beartaibh acu sa Ghaelainn mar a rabhadar ag cur ceisteanna crua gramadaí orainn! Ní raibh a bhformhór acu riamh in Éirinn roimhe seo mar sin bhíodar tógtha ó bhonn ag aoibhneas an nádúir mórthimpeall orthu, na tránna, na cnoic is na faillteacha. Bhaineadar ana-shásamh chomh maith as bualadh le daoine difriúla sa phobal, ina measc Mossie Ó Scanláin a mhúin cúpla stéibh d’amhrán dóibh, Barry Ó Siochrú, Tobar Dhuibhne agus máistir na scéalaíochta é féin, Tomás Ó Lúing.
Mic léinn ón Ruhr-Universität Bochum (RUB) sa Ghearmáin – 14-21 Meán Fómhair
Tá mic léinn ón Ruhr-Universität Bochum (RUB) ag triall ar Dhún Chíomháin le fada an lá agus chuireamair fáilte mhór roimh sheanachairde agus mic léinn nua aríst i mbliana. Chaitheadar a ndúthracht leis na ranganna Gaelainne, ach ina theannta san chaitheadar seal ag imirt chártaí, ag snámh, ag priocadh sméara, ag bácáil is i mbun potadóireachta. Ár mbuíochas leis an haíonna áitiúla a roinn a gcuid saibhris leo – Bríd Uí Lúing, Susie Ní Chearna agus Tomás Ó Lúing.
Ní nach ionadh bhaineadar ana-thairbhe as an aimsir bhreá agus iad ag bóithreoireacht timpeall na dúthaí, siar go Dún Chaoin, sall go Dún an Óir, trasna na trá go Baile na nGall mar a raibh seans acu Trasna na dTonnta a chanadh i dTigh Uí Bheaglaoich, a bhuíochas dos na ceoltóirí áitiúla a bhí á dtionlacan. Bhí ana-sheans leo chomh go raibh ‘Oíche Chultúir’ á ceiliúradh agus bhíodar siúlach ar scoth na n-imeachtaí ealaíne a bhí ar siúl sa dúthaigh.