Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

Call Directions Website

Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Áit iontach le bheith ag staidéar na teanga, Luath- ag

09/10/2026

Beannachtaí Dheireadh Fómhair oraibh a chairde! 👻🎃

An bhfuil sibh ar bís d'Oíche Shamhna cosúil linne? 🐈‍⬛🍂

Nach iontach an scéala é seo ónár gcomhghleacaithe sa gColáiste? ✨💚RTÉ News: Irish language tool for non-verbal children...
29/09/2026

Nach iontach an scéala é seo ónár gcomhghleacaithe sa gColáiste? ✨💚

RTÉ News: Irish language tool for non-verbal children to be made available online

A new language tool that allows non-verbal children to communicate in the Irish language is being made freely available online.

06/05/2026

Comhdháil lae le Roinn na Gaeilge
Dé hAoine 15 Bealtaine 2026

Téama 2026: An Lon Dubh / The Blackbird

Idir seo agus sin, seo trí go leith nóiméad de cheol an loin - éalú beag ó bhuaireamh an tsaoil!

Gach eolas faoin gComhdháil ag tcd.ie/Irish

06/05/2026

Scoláireacht Taighde Henry Flood

Fáilteoidh Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, roimh iarratais ar Scoláireacht Taighde Henry Flood don bhliain acadúil 2026-27. Taighde i réimse an bhéaloidis, na litríochta nó na teanga a bheidh i gceist agus ní mór céim sa Ghaeilge (grád II.1 nó I) a bheith ag an iarrthóir chomh maith le togra maith taighde. Scoláireacht bhliana is ea í ach is féidir í a athnuachan (faoi dhó ar a mhéad). Is fiú €8,000 in aghaidh na bliana chomh maith le fiacha (leibhéal AE) an scoláireacht seo.

Cuirtear iarratais – ina mbeidh togra taighde thart ar 1,000 focal, sampla scríbhneoireachta (e.g. miontráchtas nó caibidil as tráchtas iarchéime), achoimre ar aon mhaoiniú iarchéime eile a fuarthas go dtí seo nó a bhfuiltear tar éis cur isteach air, CV agus dhá theistiméireacht ghairide – chuig Ceann Roinn na Gaeilge ([email protected]) agus cuirtear cóip (CC) den teachtaireacht ríomhphoist sin chuig [email protected]

Is é an dáta deiridh d’iarratais
Dé hAoine, 26ú Meitheamh 2026
Tuilleadh eolais ar fáil ó: Riarthóir Roinn na Gaeilge, [email protected], (01) 8961450

10 lá go mbeidh an Chomhdháil Bhliantúil againn anseo i gColáiste na Tríonóide - 15.5.2026. Failte roimh chách agus gach...
05/05/2026

10 lá go mbeidh an Chomhdháil Bhliantúil againn anseo i gColáiste na Tríonóide - 15.5.2026. Failte roimh chách agus gach eolas ar an suíomh

Alt ag céimí dár gcuid, Ross Coleman, in Irish Times an lae inniu...
28/04/2026

Alt ag céimí dár gcuid, Ross Coleman, in Irish Times an lae inniu...

Ní féidir brath ar an seomra ranga borradh a chur faoin líon Gael sa tír

25/03/2026

Más suim leat ceist an oideachais trí Ghaeilge, féach na cúrsaí atá dá dtairiscint i gColáiste na Tríonóide

💚An bhfuil suim agat sa Ghaeloideachas? San oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta?💚Beidh 📢seisiún eolais📢 ag ár gcuid c...
19/03/2026

💚An bhfuil suim agat sa Ghaeloideachas? San oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta?💚

Beidh 📢seisiún eolais📢 ag ár gcuid comhghleacaithe i Scoil an Oideachais TCD tráthnóna inniu faoin gcúrsa M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta - cúrsa páirt-aimseartha, ar líne agus ar an gcampas, thar dhá bhliain.

Tá an clár teagaisc leagtha amach do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile agus tá maoiniú ar fáil sa chaoi is nach bhfuil ach €650 sa bhliain ar na táillí.

Tá eolas ar shuíomh an chúrsa (www.tinyurl.com/TCDMOid) nó buailigí isteach chuig an Seisiún Eolais a bheidh ar MS Teams ag 4pm. Scaipigí an scéal i measc bhur gcuid cairde in earnáil an oideachais!

'Seans ar bith go stopfadh an bháisteach?'
24/02/2026

'Seans ar bith go stopfadh an bháisteach?'

'Is maith an scéalaí an aimsir' ach an mbeidh sé ag cur go deo na ndeor? 🌀 🌧️ 🌂 ❄️

💚Dáta don Dialann💚'An Lon Dubh' an téama a bheidh ag Comhdháil Choláiste na Tríonóide i mbliana, dá reáchtáil ag Roinn n...
24/02/2026

💚Dáta don Dialann💚

'An Lon Dubh' an téama a bheidh ag Comhdháil Choláiste na Tríonóide i mbliana, dá reáchtáil ag Roinn na Gaeilge. Gach eolas ar shuíomh na Roinne - www.tcd.ie/irish

Address

Trinity College
Dublin
D2

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Share