Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Call Directions Website Contact the university

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Misean Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Oll. na Gaillimhe ná pobal teanga & léinn a chur chun cinn

Meabhrúchán beag faoin maidin chaife Dé Luain. Fáilte roimh shíntiúis mura mbeidh sibh in ann a bheith linn!
17/10/2026

Meabhrúchán beag faoin maidin chaife Dé Luain. Fáilte roimh shíntiúis mura mbeidh sibh in ann a bheith linn!

Maidin Chaife san Acadamh Dé Luain, 11am-1pmRaifil le duaiseanna breátha - Ciseáin Earraí, Dearbháin, Geansaithe, Seaclá...
16/10/2026

Maidin Chaife san Acadamh Dé Luain, 11am-1pm
Raifil le duaiseanna breátha - Ciseáin Earraí, Dearbháin, Geansaithe, Seacláidí agus neart eile.
Mura féidir leat a bheith linn ar an lá is féidir d’ainm a chur sa hata don Raifil ach an cód Revolut a úsáid.
An t-airgead ar fad ar mhaithe le Cancer Care West
🙏🙏

Beidh mic léinn an Seimeastar Gaeltachta ag reáchtáil maidin chaife ar an Luan, an 19ú DF i gCarna, idir 11.00am agus 1....
16/10/2026

Beidh mic léinn an Seimeastar Gaeltachta ag reáchtáil maidin chaife ar an Luan, an 19ú DF i gCarna, idir 11.00am agus 1.00pm ar son Cúram Ailse an Iarthair.

Ba mhór againn dá mbeadh sibh in ann tacaíocht a thabhairt dóibh, más féidir libh ar chor ar bith.

02/10/2026
Beidh fáilte roimh chách ag ceolchoirm na mac léinn san Acadamh Dé hAoine, an Oíche Chultúir.Fáiltiú beag roimh ré agus ...
14/09/2026

Beidh fáilte roimh chách ag ceolchoirm na mac léinn san Acadamh Dé hAoine, an Oíche Chultúir.

Fáiltiú beag roimh ré agus cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag a 8pm.
Fáilte roimh chách!

An bhfuil spéis agat sa Chultúr Dúchais? Ar mhaith leat tabhairt faoi chúrsa páirtaimseartha san ábhar seo, cúrsa a thab...
31/08/2026

An bhfuil spéis agat sa Chultúr Dúchais? Ar mhaith leat tabhairt faoi chúrsa páirtaimseartha san ábhar seo, cúrsa a thabharfaidh go leor neamhspleáchais duit agus tú i mbun foghlama?
Beidh tús á chur leis sa dara leath de Mheán Fómhair, dá bhrí sin tapaigh do dheis agus buail faoi! Tá gach eolas faoin gcúrsa le fáil anseo: https://acadamh.ie/acadamh/cursai/cursai_dioploma/diop_cultur_duchais/

The University of Galway was privileged to welcome Juan Carlos Jiménez Marín, Director General of DG LINC, and his deleg...
06/05/2026

The University of Galway was privileged to welcome Juan Carlos Jiménez Marín, Director General of DG LINC, and his delegation, recently. Mr. Jiménez Marín is responsible for providing interpretation services to various European Union forums.

During his visit, he met with the University's management, including the President, Professor David J. Burn. Opportunities for collaboration, student professional development, and the importance of high-quality training in interpreting in an international context were discussed.

Mr. Jiménez Marín also visited the MA in Conference Interpreting course, where he met with students of the programme in An Teanglann. He spoke about the work carried out within DG LINC and the skills and competencies required for a successful career as a conference interpreter in European institutions. It was a valuable opportunity for the students to gain insight into the professional world of interpreting at the highest level.

There was a lively discussion with other guests: Cynthia Ní Mhurchú MEP, about multilingualism, the role of the Irish language in the Irish Presidency of the European Union, and in the future of Europe.

This visit strengthens the link between the University of Galway and the institutions of the European Union and underlines our ongoing commitment to academic excellence and international collaboration. This collaboration will continue over the summer with an intensive Irish language interpreting course for graduates preparing for the European Union certification exam.

The European Union has issued an open advertisement for qualified interpreters in English, Irish, French and other languages. Further information is available here:

https://europa.eu/interpretation/doc/aci_test_calendar.pdf

University of Galway European Parliament

Bhí sé de phribhléid ag Ollscoil na Gaillimhe fáilte a chur roimh Juan Carlos Jiménez Marín, Ard-Stiúrthóir DG LINC agus...
06/05/2026

Bhí sé de phribhléid ag Ollscoil na Gaillimhe fáilte a chur roimh Juan Carlos Jiménez Marín, Ard-Stiúrthóir DG LINC agus a thoscaireacht, le déanaí. Tá an tUasal Jiménez Marín freagrach as seirbhísí ateangaireachta a sholáthar d’fhóraim éagsúla an Aontais Eorpaigh.

Le linn a chuairte, bhuail sé le bainistíocht na hOllscoile, an tUachtarán, an tOllamh David J. Burn, ina measc. Pléadh deiseanna comhoibrithe, forbairt ghairmiúil mac léinn, agus an tábhacht a bhaineann le hoiliúint ardchaighdeáin san ateangaireacht i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Thug an tUasal Jiménez Marín cuairt freisin ar an gcúrsa MA san Ateangaireacht Chomhdhála, áit ar bhuail sé le mic léinn an chláir sa Teanglann. Labhair sé faoin obair a dhéantar laistigh de DG LINC agus faoi na scileanna agus na hinniúlachtaí atá riachtanach chun gairm rathúil a bhaint amach mar ateangaire comhdhála sna hinstitiúidí Eorpacha. Ba dheis luachmhar a bhí ann do na mic léinn léargas a fháil ar shaol gairmiúil na hateangaireachta ag an leibhéal is airde.

Bhí plé bríomhar ann le haoi óinigh eile: an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú, faoin ilteangachas, ról na Gaeilge in Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, agus i dtodhchaí na hEorpa.

Neartaíonn an chuairt seo an nasc idir Ollscoil na Gaillimhe agus institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus leagann sí béim ar an tiomantas leanúnach atá againn don sármhaitheas acadúil agus don chomhoibriú idirnáisiúnta. Leanfaidh an comhoibriú seo i gcaitheamh an tsamhraidh le dianchúrsa ateangaireachta le Gaeilge do chéimithe atá ag ullmhú do scrúdú deimhniúcháin an Aontais.

Tá fógra oscailte eisithe ag an Aontas Eorpach d’ateangairí cáilithe le Béarla, Gaeilge, Fraincis agus teangacha eile. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:

https://europa.eu/interpretation/doc/aci_test_calendar.pdf

University of Galway European Parliament

Tá síneadh ama curtha againn leis an gcomórtas.  Is é an Aoine, 15 Bealtaine an spriocdháta anois!Tá Scéim Intéirneachta...
01/05/2026

Tá síneadh ama curtha againn leis an gcomórtas. Is é an Aoine, 15 Bealtaine an spriocdháta anois!

Tá Scéim Intéirneachtaí Aistriúcháin & Profála 2026-2027 leis an Aontas Eorpach oscailte anois d’iarrthóirí.

Liúntas: Fostófar na hintéirnigh mar Oifigigh Feidhmiúcháin i Státseirbhís na hÉireann, agus iad á dtabhairt ar iasacht ansin don institiúid Eorpach ábhartha. Is ar phointe 1 de scála tuarastail an Oifigigh Feidhmiúcháin a fhostófar na hintéirnigh.

Is i bhfostaíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a bhíonn na hIntéirnigh agus iad ar iasacht leis an Institiúid chuí Eorpach.

29/04/2026

Labhair The Journal le Jason Gavin, ateangaire a bhíonn ag obair sna institiúidí Eorpach faoin obair atá ar siúl aige agus an tábhacht a bhaineann leis don teanga.

https://www.thejournal.ie/aontas-eorpach-7025065-Apr2026/

University of Galway TheJournal.ie European Parliament

Address

Galway

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The University

Send a message to Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Shortcuts

Share